Updated: Oct 13, 2022
I ndiaidh dhá bhliain nach dtiocfadh leis an oíche mhór dul ar aghaidh, tharla an ócáid is mó ar fhéilire na nGaeilgeoirí i Leitir Ceanainn ar an 1ú Deireadh Fómhair leis an Oíche Ghaelach in Óstán Castle Grove, mar chuid d’Fhéile an Fhómhair. Tháinig scaifte mór le chéile mar phobal Gaeilge agus bhí am den chéad scoth ag gach aon duine ag bualadh le cairde is Gaeilgeoirí nua agus ag baint úsáide as an teanga. Tháinig idir mhuintir na háite agus dhaoine ó chian is ó chóngar chun freastal ar an imeacht agus is cinnte gur oíche lán de cheol, spraoi, chomhluadar agus chraic a bhí inti. Thosaigh an ceiliúradh le deochanna, amhránaíocht agus ceol traidisiúnta ó cheoltóirí áitiúla sa tolglann, sular bhog an slua chuig an seomra bia galánta. Chuir Óstán Castle Grove biachlár ar fheabhas le chéile, agus bhí gach aon bhéile d’ardchaighdeán. Ina dhiaidh sin, bhí ceol traidisiúnta thar barr ann ó Sheán is Sheán Óg Mac Corraidh agus Hughie Ó Baoill, agus roimh i bhfad, bhí beirteanna amuigh ag damhsa ar an urlár rince. Bhí ceol agus saibhreas teanga le cloisteáil an oíche ar fad, agus cruthaíodh atmaisféar dochreidte dá bharr.