Mórtas Dúiche – seod luachmhar don earnáil ghnó

Nov 20, 2024 | Gnó le Gaeilge | Irish in Business, Nuacht & Uasdátaithe | News & Updates

Mórtas Dúiche – seod luachmhar don earnáil ghnó

Seo an teachtaireacht a bhí ag an Ollamh Fionnbarra Ó Brolcháin agus é i mbun cainte le lucht gnó Leitir Ceanainn le déanaí. Ba é Fionnbarra a bhunaigh Fiontar, ionad Gaeilge agus fiontraíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Cliath. Tá a chuid saineolais ar chúrsaí gnó agus airgeadais roinnte aige agus é mar ollamh ó Nua-Eabhrac go Heilsincí na Fionlainne agus níos faide i gcéin. D’eagraigh Bairbre Uí Chathail comhordaitheoir Líonra Leitir Ceanainn an seimineár seo i mbialann Kernans i gcomhpháirtíocht le Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn.

English language version of this piece available HERE

Fionnbarra Ó Brolcháin le baill Líonra Leitir Ceanainn

Bhí ionadaithe ó réimse leathan de ghnólachtaí sa cheantar i láthair ar an lá. I ndiaidh dóibh a bheith ag éisteacht le Fionnbarra is féidir a rá gan dabht go raibh daoine spreagtha go maith aige chun an Ghaeilge a chur chun tosaigh ina gcuid gnólachtaí. Chuir Fionnbarra béim ar leith ar an tábhacht a bhaineann le mórtas dúiche agus féiniúlacht agus leis an fhuinneamh mhothúchánach sin a chuireann ina luí orainn go bhfuil muid lonnaithe, fréamhaithe, neadaithe, talmhaithe san áit áirithe seo! 

Labhair sé faoin ghoile sin atá ann sa phobal, daoine ag iarraidh fíor-éispéiris iontaofa a bheith acu agus fios a bheith acu go bhfuil brí agus ciall níos doimhne sna táirgí agus seirbhísí a cheannaíonn siad ná luach airgid amháin.

Spreag Fionnbarra an lucht éisteachta chun machnamh a dhéanamh ar na tréithe a bheireann éagsúlacht agus féiniúlacht ar leith dúinn. Seo iad na hacmhainní is luachmhara dúinn go dtig le gnólachtaí leas agus tairbhe a bhaint astu. Is í an acmhainn is mó atá againn, a thugann ardán ar leith dúinn ná an teanga, an Ghaeilge. Tá sé soiléir ón taighde go dtéann sé i bhfeidhm go mór ar dhaoine, ar an mhian chroíúil sin, nuair a chuireann gnó an Ghaeilge san aíreamh ina gcuid margaíochta, brandála srl – go measann daoine go bhfuil luach sa bhreis ar na tairgí nó seirbhísí atá a gceannach acu.

Rinneadh suirbhé le míle duine inar léiríodh gur maith le 59% de na daoine nuair a bhíonn cumarsáid trí Ghaeilge a dhéanamh ag gnólachtaí. Measann 73% de dhaoine gur táirge Éireannach / áitiúil atá i gceist nuair a dhéantar margaíocht trí Ghaeilge ar tháirgí. Deir 41% go bhfuil seans níos mó ann go gceannóidh siad táirge má tá Gaeilge mar chuid den mhargaíocht atá á dhéanamh air. Tá 26% sásta praghas níos airde a íoc ar tháirgí atá bainteach leis an Ghaeilge agus athraíonn an figiúr seo de réir aoise – 29% de dhaoine idir 35 – 44 bliain d’aois agus 36% de dhaoine faoi 35. Tá sé soiléir go bhfuil buntáistí na Gaeilge ag méadú agus go dtugann na fíricí seo ábhar machnamh dúinn.

Feicfidh tú, agus tú ag siúl thart fá bhaile Leitir Ceanainn, go bhfuil méadú suntasach ag teacht ar líon na ngnólachtaí a bhfuil comharthaíocht i nGaeilge acu, taobh istigh agus taobh amuigh den ghnó – agus tuilleadh le teacht fós. Bhí ceithre ghnó ón bhaile i láthair i bPáirc an Chrócaigh le déanaí ag ócáid bhronnta “GRADAIM” de chuid Glór na nGael. Bronnadh gradaim orthu in aitheantas ar an obair atá déanta acu leis an Ghaeilge a chur chun cinn maidir le comharthaíocht, margaíocht & brandáil agus seirbhís trí Ghaeilge do chustaiméirí. Bronnadh trí ghradam cré-umha ar  Brian McMonagle ón bhialann úr No 9 Market Square. Fuair Ciarán An Táilliúir Uí Bhaoill gradaim cré-umha maidir le comharthaíocht agus seirbhís. Bronnadh gradam cré-umha fá choinne chomharthaíocht ar John Quinn ó Precious Moments agus ar Brendan & Sharon McGlynn ón chaife An Bomaite Ciúin.

GRADAIM 2024

Ar a mhullach air sin, tugadh aitheantas do thrí ghó as a gcuid oibre ar son na Gaeilge nuair a bhronnadh Gradaim Ghnó Chumann Tráchtála Leitir Ceanainn le déanaí san óstán Silver Tassie. Tugadh ardmholadh do Brian McMonagle No. 9 Cearnóg an Mhargaidh agus do Sarah Marie Nic Daibhéid ó Pinehill Studios ach ba í Caitríona Strain agus foireann s’aici ó ERNACT a bhain an gradam Gnó le Gaeilge, arna urrú ag Líonra Leitir Ceanainn. Bíonn baill den fhoireann ag freastal ar an chiorcal comhrá i CoLab. Tá Gaeilge curtha san áireamh ar chomharthaíocht agus ábhar brandála ERNACT agus ag deireadh gach ríomhphost a theann amach ón chomhlacht.

Fionnbarra Ó Brolcháin agus Bairbre Uí Chathail

Ba mhaith le Líonra Leitir Ceanainn cuireadh a thabhairt do dhaoine eile ón lucht gnó ar suim leo an Ghaeilge a chur chun cinn teagmháil a dhéanamh le Bairbre ar eolas@lionralc.ie 086 0751663. Is féidir linn eolas a thabhairt daoibh maidir leis na tacaíochtaí agus na hacmhainní atá ar fáil chun cuidiú libh tuilleadh Gaeilge a úsáid go laethúil agus chun do bhranda a chur chun cinn go dátheangach.

Is féidir clic agus éisteacht le Fionnbarra i mbun cainte ar an ábhar céanna ach i nGaeilge le daltaí Choláiste Ailigh ANSEO

 

0
    0
    Do Chairt | Your Cart
    Tá do thralaí folamh | Your cart is emptyFill ar Siopa | Return to Shop