Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí!

Oct 31, 2024 | Nuacht & Uasdátaithe | News & Updates

Bronnadh duais Chomhairle Contae Dhún na nGall ar Líonra Leitir Ceanainn ag Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael le déanaí.

 

Líonra Leitir Ceanainn was awarded the Donegal County Council prize recently at the Glór na nGael National Awards.

lá-spraoi-na-gaeilge-2024

Is deas an rud é i gcónaí aitheantas a fháil agus bhí lúcháir ar Líonra Leitir Ceanainn Gradam Chomhairle Contae Dhún na nGall a bhaint i gComórtas Ghlór na nGael le déanaí. Bronnadh an gradam seo ar luach €2,000 ar Líonra Leitir Ceanainn i mbliana mar gheall ar an obair atá déanta acu le daoine óga sa cheantar.

Is é an sprioc atá ag an eagraíocht ná an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga laethúil. Agus iad ag obair le daoine óga bíonn Líonra ag iarraidh iad a chumasú le saibhreas teanga agus líofachta. Bíonn deis ag déagóirí a bheith ag obair mar chinnirí le Líonra, ag cuidiú leis an Chlub Óige, le himeachtaí do theaghlaigh, leis an champa samhraidh. Is eiseamláirí iontacha iad na daoine óga sin agus iad i mbun ceardlann spóirt nó drámaíochta a dhéanamh le páistí óga, aghaidheanna a phéinteáil nó ceol a sheinm.

Ní ag na cinnirí amháin a bhíonn deis fás agus forbairt a dhéanamh maidir le scileanna agus féinmhuinín. Bhí ceardlanna ar scileanna raidió, na meáin shóisialta agus litearthacht sna meáin ag daltaí na hIdirbhliana ó Choláiste Ailigh agus, ag eascairt as sin, chuir siad tús le podchraoladh darbh ainm ‘Pod na Móna’. Rinne siad an cheist fá faisean inbhuanaithe a fhiosrú fosta i gceardlann le Caoimhe Ní Chathail.

Chuaigh an rang ina iomláine go Béal Feirste chun cuairt a thabhairt ar Linda Ervine agus a comhghleacaithe in oirthear Bhéal Feirste áit ina mbíonn siad i mbun Gaeilge a theagasc do phobal Aontachtach, chuig Raidió Fáilte agus Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál agus chuig an tionscadal pobail Glór na Móna áit ar chuala siad faoi ghluaiseacht na Gaeilge An Dream Dearg agus a rinne siad ceardlann fá conas imeachtaí don phobal a fhorbairt agus a reáchtáil

 

 

Bíonn Club Óige ar siúl go seachtainiúil i nGaelscoil Adhamhnáin do pháistí Rang 5 & 6 agus deis acu cluichí agus spórt a imirt, ceardlanna a dhéanamh ar dráma, ealaíne, ceoil agus eile. Bhí turas iontach acu go dtí an Tearmann Dúlra in An Carn, Co Dhoire áit a rinne siad treodóireacht, boghdóireacht agus ar thóg siad tearmainn sa choill.

Ciallaíonn an duais seo, arna maoiniú ag Comhairle Contae Dhún na nGall go mbeidh giota beag airgid bhreise sa phota ag Líonra Leitir Ceanainn agus go mbeidh muid in ann tógáil ar an obair atá idir lámha againn chun daoine óga a chumasú agus a fhorbairt mar cheannródaithe don phobal agus don Ghaeilge.

Developing Young Leaders for the Future

It is always nice to get a bit of recognition for hard work and Líonra Leitir Ceanainn were delighted to win the Donegal County Council Award recently in the Glór na nGael national competition. This award, worth €2000, was presented to Líonra Leitir Ceanainn this year because of the work they have done with young people in the area.

Líonra’s aim as an organisation is to promote Irish as a language of everyday life. When working with young people the organisation wants to enrich their language and promote fluency as well as giving young people the opportunity to develop new skills. Teenagers are given the opportunity to work as ‘cinnirí’ with Líonra LC, helping with the youth club, with family events and with the summer camp. These young people are a great example to others whether they are involved in running sport or drama workshops, face-painting or playing music!

 

 

And it is not just the cinnirí who have the opportunity to develop new skills and self-confidence. The Transition Year students in Coláiste Ailigh got the chance to do workshops on radio skills, social media content creation and media literacy as well as sound engineering. Arising out of this a group of students set up a school podcast called ‘Pod na Móna’. The students also did a workshop  about sustainable fashion with Caoimhe Ní Chathail.

The whole year group went on a trip to Belfast where they visited Linda Irvine and her colleagues who are teaching Irish to literally hundreds of people from the Unionist community, to Raidió Fáilte and Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich on the Falls Road and to the community Project Glór na Móna where they heard about the Irish language movement An Dream Dearg and where they did a workshop about how to organise community events. These are the skills we need young people to learn and when that is combined with building their fluency and self-confidence it is a win-win situation.

There is a youth club in Gaelscoil Adhamhnáin where fifth and sixth class children get to play games and sports, do workshops on music, art, drama and more. They had a wonderful trip to the Nature Reserve at An Carn in County Derry where they did orienteering, archery and built shelters in the woods! Again the emphasis is on skills, self-confidence, language enrichment and good craic.

The Glór na nGael award from Donegal County Council will enable Líonra Leitir Ceanainn to have that bit more money in the pot to continue and build upon the work we have done to date, developing and empowering young people as leaders for their communities and for the Irish language.

0
    0
    Do Chairt | Your Cart
    Tá do thralaí folamh | Your cart is emptyFill ar Siopa | Return to Shop