Tá níos mó ná 150 duine i mbun ranganna le Líonra Leitir Ceanainn faoi láthair. Is fianaise iontach í seo ar bheocht an teanga sa cheantar. Thosaigh ranganna Céimeanna Comhrá ó leibhéal 1 go 4 cúpla seachtain ó shin. Bhí orainn clárúchán do na ranganna Céimeanna Comhrá 1 agus 2 a dhruidim le déanaí agus níos mó ná fiche in achan rang acu. Bhí orainn an rud céanna a dhéanamh le rang ‘Comhrá agus Léitheoireacht’ a bhíonn ar siúl maidin Dé Céadaoin fosta nuair a bhí an scor bainte amach aige!
Líonra Leitir Ceanainn has more than 150 people doing Irish classes at the moment. This is a wonderful testimony to the vitality of the language in the local area. The Céimeanna Comhrá classes, levels 1 – 4 began a few weeks ago. We had to close the registration for levels 1 and 2 recently with over 20 in each class. We have also had to do the same with the ‘Conversation and Reading’ class which runs on a Wednesday morning when it also hit 20!
Cuireadh tús le rang úr nua an tseachtain seo – Rang Gaeilge Bunúsach agus tá 12 rannpháirteach ann faoi láthair. Seo rang do dhaoine nach bhfuil aon chúlra sa teanga acu. Tháinig cuid mhaith acu go Éirinn ó thíortha eile agus suim acu Gaeilge a fhoghlaim anseo ina dtír nua. Ní raibh deis ag roinnt daoine eile an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar scoile agus iad ina gcónaí ó Thuaidh. Tá Eimear Ní hÉanaigh mar theagascóir don rang seo agus sár-obair ar siúl aici chun eochair an teanga a sholáthar do na daoine seo. Tá sé mar sprioc againn go mbeadh an grúpa seo in ann tabhairt fá chomhráite bunúsacha faoi dheireadh an chúrsa agus tuiscint a bheith acu ar mar a fheidhmíonn an teanga sna focail agus sna frásaí sin agus mar a fhuaimnítear aibítir na Gaeilge.
We started a completely new class this week, Very Basic Irish and there are currently 12 participants in it. This is a class for people who have no background in the language. About half the class have come to Ireland from other countries and now want to learn Irish here in their new country. Others did not have the opportunity to do Irish as a subject at school in the North. Eimear Ní hÉanaigh is the tutor for this class and she is doing great work providing this group with the key to open up the Irish language. Our aim is that this group will be able to have a basic conversation by the end of the course and also, that they will understand how the language is functioning in those words and phrases and how sounds work in the Irish alphabet.
Dhúisigh scaifte go luath maidin Dé Máirt chun freastail ar rang Gaeilge don lucht Gnó atá ar siúl againn i gcomhpháirtíocht le hOifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall. Is é Séamas Ó Gallachóir atá mar theagascóir agus gabhann muid buíochas le Gaeláras Mhic Ardghail as acmhainní iontacha teagaisc a thabhairt dúinn, forbartha don lucht gnó agus foirfe don ghrúpa seo. Cé nach raibh siad uilig ann in am don ghrianghraf tá 12 cláraithe ar an chúrsa seo a bheas ar siúl ar feadh naoi seachtaine. Is tús luath don lá é ach thar a bheith fiúntach!
These brave souls got up early on Tuesday morning for the first session of an Irish for Business course that we are running in partnership with Donegal Local Enterprise Office Séamas Ó Gallachóir is the tutor and we are using great resources supplied to us by Gaeláras Mhic Ardghail in Newry and developed specially for business. Although they weren’t all there in time for the photo there are 12 signed up for the course which will run for another eight weeks. It is an early start to the day but well worth it!
Ar a mhullach air sin uilig go léir tá muid i mbun oibre leis an ollscoil ATU chun ranganna Gaeilge a sholáthar d’fhiontraithe ban atá ag tabhairt faoin chúrsa Cumasú le hÚdarás na Gaeltachta agus chun ranganna Gaeilge a sholáthar do bhaill fhoirne san ATU anseo i Leitir Ceanainn i gcomhpháirtíocht leis an Oifigeach Gaeilge Orlaith Ní Mheachair. Tá páistí ag cur snas ar a gcuid Gaeilge linn fosta agus grúpa acu ó bhunscoileanna Béarla i mbun ranga le Aisling, Oifigeach Forbartha Gaeilge LLC uair sa tseachtain.
On top of all that we are working with the Atlantic Technological University to provide Irish classes to group of women entrepreneurs who are doing the Cumasú course with Údarás na Gaeltachta. We are also working with the Irish Language Officer in the ATU here in Letterkenny to provide Irish classes for staff. Children are also getting the chance to polish up their Irish. We have a group from English language primary schools doing a weekly class with Aisling our Development Officer.