Líonra Leitir Ceanainn invites you to join them on the Letterkenny Café Trail which will run for 10 weeks with 10 cafés from the beginning of June.
Beidh spotsolas á chur ar chaifé amháin achan seachtain agus neart poiblíochta á dhéanamh ar na meáin shóisialta fá dtaobh de. Beidh lascaine 20 cent ar fáil ar chupán caife, tae nó seacláid the má dhéanann tú é a ordú trí Ghaeilge sa chaifé sin le linn na seachtaine sin. I le Kernan’s Bistro sa Pháirc Mhiondíola a bheas an Chamchauirt ag toiseacht ar an Luan 1 Meitheamh.
One café will be in the spotlight each week and there will be lots of publicity on social media about it. If you order tea, coffee or hot chocolate in Irish in that café that week you can get a 20c discount on it! The Trail will begin with Kernan’s Bistro in the retail park from Monday 1 June.
Beidh fráschártaí ar fáil sa chaife chun cuidiú leat. Beidh cárta dílseachta nó pas camchuairte ar fáil sna caiféanna atá le bheith rannpháirteach sa togra agus cuirfidh siad stampa ar an chárta d’achan chuairt. Is féidir an cód QR a úsáid chun clárú linn agus ansin an cárta a chur ar ais chugainn ag an deireadh.
Phrase cards to help you out will be available in the cafés and you can scan the QR code on the phrase card to listen to all the phrases. There will also be a loyalty card or ‘Trail Passport’ available in the cafés taking part in the project. You can register your card with us via the QR code on it. Your card gets stamped in the café and you return it to us at the end of the Project.
Gheobhaidh tú ticéad amháin d’achan uair a chuaigh tú isteach chun deoch nó deochanna te a ordú trí mheán na Gaeilge agus ticéad amháin d’achan chaife éagsúil a rinne tú freastal air. Agus níl uasmhéid ar líon na gcártaí go dtig leat a líonadh!! Beidh crannchur againn agus dearbhán €100 le baint!!
You will then get a raffle ticket for every time you ordered in a café in Irish as well as a ticket for every different café you visited – so if you order seven cups of coffee in four different cafés you will have eleven tickets in the raffle and a €100 voucher up for grabs!
Tá an togra seo mar chuid den fheachtas ‘Bí i do Ghael – labhair giota Gaeilge achan lá’ agus ag iarraidh deiseanna cainte laethúla a sholáthar do dhaoine thart fá Leitir Ceanainn. Coinnigh súil ar mheáin shóisialta Líonra Leitir Ceanainn chun an Chamchuairt a leanúint le caifé nua achan seachtain!
This project is part of the ‘Bí i do Ghael – labhair giota Gaeilge achan lá’ campaign which is encouraging people to develop the habit of speaking Irish every day. The aim of this project is to provide those sorts of daily opportunities whether for ‘cúpla focal’ or a full ‘comhrá’! Keep an eye on Líonra Leitir Ceanainn’s social media to follow the Café Trail to a new café every week!
Tuilleadh sonraí ar fáil ó / More information available from Líonra Leitir Ceanainn eolas@lionralc.ie 086 0751663