Cuireadh an tionscadal filíochta seo le chéile mar chuid den fhéile úr nua, An Focal Beo ina ndéanfar ceiliúradh ar an Ghaeilge mar theanga shaibhir a nascann go smior le béaloideas, filíocht, fealsúnacht, amhráin, oidhreacht, stair, miotaseolaíocht, cruthaitheacht agus féin-ionannas na ndaoine. Bain sult as an saothar seo ó Dhubhán Ó Longáin agus amharc ar an suíomh gréasáin áit a bhfuil saothar filí eile ar fáil.
Tuilleadh eolais faoin fheile thíos faoi nó déan teagmháil linn ar 086 0751663 eolas@lionralc.ie
This poetry project was drawn together as part of the new festival An Focal Beo, in which Irish will be celebrated as a rich language utterly rooted in the folklore, poetry, philosophy, songs, heritage, history, mythology, creativity and self-understanding of her people. Enjoy now the poetry of Dúbhán Ó Longáin and check out the website for more poets.
Further information about the festival is available below or contact us on
086 0751663 eolas@lionralc.ie

Rúid, Rúid Eile
A hAon, a Dó
smeadráilte ar an fhéar agus ar na feaga.
Mhothaigh sí an draíocht chun sonais agus solais,
bhí sí sóch, sítheach i bhfios agus i bhforas.
‘Come all, come all, come all to me.
Tar chugamsa, tar chugamsa,
tar deireadh fhad liom féin.’
Phléasc na focail amach ina mbrúcht
agus ina hintinn, ina haigne bhailigh sise drúcht
nó inniu Lá Bealtaine, Lá na Bealtaine Buí.
(Múscail, a Ghiorria. Arlen House. lch. 38)


nuair a tháinig sí fhad le cabhsa.
D’ardaigh sí a glúine
agus thoisigh ar choiscéim damhsa.
ag cromadh agus ag coradh,
misneach s’aici ag ardú,
meanmnach ag borradh.
Rabharta mór ceoil is rince,
bhog sí go ragairneach,
go rithimeach, go tintreach.
agus dhamhsaigh sí dá sliocht
a thóg an casán céanna
orthu féin i riocht
úrnua ar an lá seo an uile bhliain
gan aon srian
Dhamhsaigh sí do na cailleacha,
an lucht sí agus na draoithe.
Dhamhsaigh sí do na luchramáin,
na ridirí agus na saoithe.
Dhamhsaigh sí léi idir anam agus chorp.
Dhamhsaigh sí léi gan staonadh
gan stop.
(Múscail, a Ghiorria. Arlen House. lch. 39)


ag spalpadh na gcloch.
D’imigh buíon chun na farraige
ar maidin mhoch.
go siúlach, suaitheanta.
Amach leo ar an fharraige –
na loingseoirí cruthanta.
Thug aghaidh ar an aibhéis mhór
go méadódh a stór.
Buíon ghrusach, ghuasach
ar fharraige fhairsing, shuaiteach.
ar na bristeacha tolgacha,
ar bharr na dtonnta
bolgacha colgacha.
Ní dhearna siad stad mara ná mórchónaí
gur bhain siad a ceartlár amach.
(An Craiceann Agus a Luach Arlen House lch39)


Thit a folt fada fíor-fhionnbhán amach as an ribín órbhuí a bhí carnaithe thart ar a ceann go cúramach aici, an ribín órbhuí a thóg a croí achan mhaidin Aoine. Thit a folt fada fíor-fhionnbhán lena gualainn, lena droim, anáil na gaoithe ag scuabadh na ribí, an uile shifín ag rince, ag damhsa leis féin ar an uaigneas le séimh-shéideáin samhraidh, le bog-shéideáin séasúir — gur neartaigh sí mar ghaoth. Neartaigh, gur ghlac seilbh foilt ina iomlán, gur thóg,
An choiscéim agus an tsaoirse.
An choiscéim agus an tsaoirse.
(Sliocht as an ghearrscéal ‘Soineann’ atá ar fáil sa leabhar Bláth na dTulach: Diolaim Ultach foilsithe ag éabhlóid)

