Bhuel a chairde, tharraing muid an cuirtín anuas ar Fhéile an Fhómhair 2025 le Ceilí Mór i halla Bhun na Gaoithe ar an Domhnach ‘s chuaigh thart 19ú D.F.  Gan dabht ar bith bhí coicís gnoitheach, gníomhach agus galánta againn leis na himeachtaí uilig a dhírigh ar achan ghné den phobal atá ag iarraidh a saol a shaibhriú leis an Ghaeilge!!

Thosaigh muid ar an 7ú nuair a chur muid fáilte roimh Ghearoidín Breathnach. Bhuail sí isteach chun na hoifige, Corn uí Riada léi agus bhí oíche airneáil agus scéalaíocht den chéad scoth againn.  Choinnigh muid ag gabháil le lá mór ar an 11ú nuair a thaispeáin muid dhá scannán i gcomhpháirtíocht leis an Regional Cultural Centre- Amhrán na Mara agus Fidil Ghorm. Idir an dá scannán bhí Tógáil Teidí againn le Donna McCauley agus níos mó na daichead i láthair ag an imeacht sin. 

I rith na seachtaine bhí muid thuas i gColáiste Ailigh áit a sholáthar muid ceardlanna ar scileanna podchraoltaí a bhí iontach fiúntach do na mic léinn. Tuilleadh craic ar an 17ú i bPáirc uí Dhomhnaill agus an Blitzcomártas ina ghlac 8 scoil, a dhéanann a gcuid teagasc trí mheán na Gaeilge, páirt ann.  Ar ais arís go Clubtheach Naomh Adhamhnáin an oíche sin do seisiún ceol traidisiúnta le Ceol na Coille. Ba dheas an rud ceoltóirí óga a choisteáil, iad ag seinm agus ag foghlaim ón lucht níos sine!! Ar an 19ú, mar a dúirt mé  amach go Halla Bhun na Gaoithe linn do Céilí Mór agus oíche aclaíochta cé go raibh cuid againn ag streachailt le dhá chos clé!!

Ní mór dúinn buíochas mór a ghabháil l’achan duine a thug tacaíocht dúinn an clár imeachta cuimsitheach a chur ar siúl. Gabhann muid buíochas, go háirithe leis an Regional Cultural Centre,  CLG Naomh Adhamhnáin, Coiste Halla Bhun na Gaoithe, muinteoirí na Gaelscoile Pól, Mairead agus Martina, Colaiste Ailigh , Gearoidín Breathnach, Donna McCauley, Ceol na Coille, Martin Duggan a bhí i mbun an cheoil ag an Ceilí agus ar ndóigh achan duine a d’fhreastal ar na himeachtaí difriúla a bhí ar siúl.

0
    0
    Do Chairt | Your Cart
    Tá do thralaí folamh | Your cart is emptyFill ar Siopa | Return to Shop