Beidh Camchuairt na gCaiféanna ar siúl againn ó thús mhí an Mheithimh. Seo daoibh roinnt frásaí úsáideacha agus thiocfadh iad a úsáid ní amháin le linn na camchuairte ach am ar bith a bheadh sibh istigh i gcaifé ar bith, am ar bith! Tchifidh sibh go bhfuil muid ag iarraidh giota craic a bheith againn le hainmneacha an chaife!
We are going to be having a Café Trail round Letterkenny starting from the beginning of June. Here are some useful phrases which you could use not just when the Café Trail is running but any time you are in a Café. You will see that we are having a bit of craic with the names of the various coffees!
Éist anseo / Listen here
Éist anseo / Listen here
Beidh Camchuairt na gCaiféanna ar siúl againn ar feadh 8 – 10 seachtaine ó thús Mhí an Mheithimh. Beidh spotsolas á chur againn ar chaifé amháin achan seachtain agus neart poiblíochta á dhéanamh againn ar na meáin shóisialta fá dtaobh de. Beidh lascaine 20 cent ar fáil ar chupán caife, tae nó seacláid the má dhéanann tú é a ordú trí Ghaeilge sa chaifé sin le linn na seachtaine sin. Beidh na fráschártaí ar fáil thart faoin bhaile. Beidh cárta dílseachta nó pas camchuairte ar fáil sna caiféanna atá le bheith rannpháirteach sa togra. Is féidir clárú linn agus gheobhaidh tú ticéad amháin d’achan uair a theann tú isteach chun deoch nó deochanna te a ordú trí mheán na Gaeilge agus ticéad amháin d’achan chaife éagsúil a dhéanann tú freastal air. Agus níl uasmhéid ar líon na gcártaí go dtig leat a líonadh!! Cuir do chárta dílseachta isteach chugainn ag deireadh an togra agus beidh crannchur againn agus dearbhán €100 le baint!!
Our Letterkenny Café Trail will run for 8 – 10 weeks from the beginning of June. One café will be in the spotlight each week and we will be doing lots of publicity on social media about it. If you order tea, coffee or hot chocolate in Irish in that café that week you can get a 20c discount on it! The phrase cards will be available in cafés around the town. There will also be a loyalty card or Trail Passport available in the cafés taking part in the project. You can register your card with us and you will get a raffle ticket for every time you order in a café in Irish as well as a ticket for every different café you visit – so if you order seven cups of coffee in four different caf