Bhí ábhar ceiliúrtha ar leith againn ag an Chiorcal Comhrá @ CoLab inné! Ba bhuaiteoirí an gradam ‘Gnó le Gaeilge’ iad ERNACT ag Gradaim Ghnó Chumann Tráchtála Leitir Ceanainn le déanaí. Bíonn baill fhoirne ó ERNACT ag freastal go rialta ar an chiorcal comhrá seo agus inné tháinig siad isteach agus borróga d’achan sórt acu dúinn!
Is é an chéad chéim eile ná go mbeidh Bairbre chun bualadh le Caitríona Strain, Bainisteoir Ginearálta ar ERNACT agus baill eile den fhoireann ar an tseachtain seo chugainn chun plean teanga ERNACT a fhorbairt agus spriocanna teanga don bhliain seo chugainn a leagan amach.
There was special cause for celebration at the CoLab Ciorcal Comhrá yesterday. ERNACT were the winners of the Líonra Leitir Ceanainn sponsored Gnó le Gaeilge award at the Letterkenny Chamber of Commerce business awards recently. Members of ERNACT regularly attend the Ciorcal Comhrá and landed in yesterday with buns and goodies of every description! The next step is that Bairbre is going to meet with Caitríona Strain, General Manager and other members of the team next week to develop a language plan for ERNACT and set out language goals for the coming year.
Más suim leat fáil amach faoi na tacaiochtaí agus acmhainní atá ar fáil chun cuidiú le do ghnó an Ghaeilge a chur chun cinn, déan teagmháil le Bairbre ar 086 0751663 eolas@lionralc.ie
If you are interested in finding out about the supports and resources available to help you promote Irish in your business, contact Bairbre on 086 0751663 eolas@lionralc.ie