Bhí Líonra Leitir Ceanainn an-sásta maoiniú a thabhairt arís i mbliana chun cuidiú le scoil samhraidh “Ceol na Coille” ceardlann dhátheangach leis an chumadóir agus ceoltóir Theresa Kavanagh as Gort a’ Choirce a eagrú do cheoltóirí óga. Bhí píosa ceoil úr nua cumtha ag Theresa fá Bhalor agus an Glas Gaibhleann a rinne an grúpa cleachtadh air ar feadh uair a’ chloig thar ceithre lá agus ar léirigh siad ag ceolchoirm san Ionad Cultúrtha Réigiúnach Déardaoin seo caite. Tá na ceoltóirí óga seo ina gceannródaithe don todhchaí ó thaobh teanga, cultúir, oidhreachta agus ceoil de agus tréaslaíonn muid leo!
Líonra Leitir Ceanainn was very happy to provide funding again this year for the bilingual workshop at the Ceol na Coille summer school so that a group of young musicians could work with Theresa Kavanagh on a new composition which they rehearsed for just an hour a day for four days and then performed at a concert in the RCC on Thursday evening. These young people are the ones who will be at the forefront promoting language, culture, music and heritage now and into the future – and we are proud to support them and the great work of Paul Harrigan and all at Ceol na Coille.