Bí i do Ghael – Giota Gaeilge achan Lá!
An bhfuil meas agat ar an Ghaeilge, ar an phobal agus ar an oidhreacht?
Bhuel, má tá, is Gael go smior thú – is cuma cibé áit ar rugadh agus ar tógadh thú!
Do you value the Irish language, the community and its shared heritage?
If so, it doesn’t matter where you were born or raised – you are a Gael!
Dúshlán | Challenge
An bhfuil tú réidh don dúshlán?
🎯 An Sprioc: Giota beag Gaeilge a labhairt achan uile lá
📅 Cá huair: Ag tosú ar 1 Márta (tús Sheachtain na Gaeilge)
🫵 Cé: Tú féin amháin! Nó grúpa m.sh. do theaghlach, grúpa cairde nó grúpa ó d’áit oibre
✅ Cad chuige: Fán am a thagann an chéad daonáireamh eile, beidh tú in ann a rá go hionraic go labhrann tú Gaeilge gach lá – fiú muna bhfuil tú líofa!
Bí i do Ghael – Labhair giota Gaeilge achan lá! Ar mhaith leat a bheith linn? Cuir tús leis an nós inniu! Cláraigh thíos…⬇️
Are you ready for the challenge?
🎯 The Aim: To speak a little bit of Irish every single day
📅 When: Starting on 1st March (Seachtain na Gaeilge)
🫵 Who: Just yourself! Or a group e.g. your family, friends or even work colleagues
✅ Why: By the time the next census comes along, you’ll be able to say in all honesty that you speak Irish every day – even if you’re not fluent!
Bí i do Ghael – Labhair giota Gaeilge achan lá! Are you up for the challenge? Start building the habit today! Sign up below…⬇️
Bí i do Ghael! Is é sin an cuireadh atá á thabhairt ag Líonra Leitir Ceanainn dúinn uilig ach cad is Gael ann? Is é an rud atá tábhachtach go príomha ná a bheith i do dhuine a bhfuil meas agat do theanga na nGael agus iarracht a dhéanamh agat an Ghaeilge a labhairt. Agus is é sin an dara chuid den chuireadh – giota Gaeilge a labhairt achan lá!
Tá sé mar sprioc ag Líonra Leitir Ceanainn daoine a spreagadh Gaeilge a bheith fite fuaite fríd an tsaoil acu, nós fadsaoil ar fhorbairt acu agus an Ghaeilge á labhairt go laethúil acu. Beidh an chéad daonáireamh eile againn i mí na Bealtaine ar an bhliain seo chugainn agus nach mbeadh sé go hiontach dá dtiocfadh le daoine a rá go hionraic, fiú mura bhfuil siad líofa, go bhfuil Gaeilge a labhairt acu achan uile lá.
Be a Gael! That is the invitation which Líonra Leitir Ceanainn is giving to us all. But what is a Gael? The most important thing is to be someone who has respect for the Irish language and who makes an effort to speak Irish. And that is the second part of the invitation – to speak some Irish every day! Líonra Leitir Ceanainn wants to encourage and inspire people to weave the language throughout all areas of their lives, to develop a lifelong habit and speak Irish each and every day. The next Census will be happening in May 2027 and wouldn’t it be amazing if people could honestly say, even if they are not fluent, that they speak Irish every single day.
Maidir le bheith i do Ghael, is cuma cá háit ar rugadh nó ar tógadh thú. Má tá meas agat don teanga agus tú tiomanta cibé Gaeilge atá agat a úsáid – is Gael thú! Deir Bairbre, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, “Bhí mé ag éisteacht le fear óg ón Ghearmáin a bhí faoi agallamh ar an teilifís. Tháinig sé chun na hollscoile anseo in Éirinn agus rinne cinneadh Gaeilge a fhoghlaim.
Thit sé go hiomlán i ngrá leis an teanga agus i ndiaidh cúpla bliain bhí líofacht mhaith bainte amach aige. Mar a dúirt sé féin, cé nárbh Éireannach é, ba Ghael é. Is é sin an meon atá againn, ag iarraidh a léiriú go mbaineann an teanga leis an phobal ina iomláine. Tá muid ag iarraidh oiread daoine agus is féidir a spreagadh chun Gaeilge a labhairt, sa bhaile, sna siopaí, san ionad oibre, le cairde agus teaghlach, comharsana agus comhghleacaithe. Tuigeann muid fosta, agus tá sé feicthe againn, go n-imrítear tionchar ar dhaoine eile nuair a chloiseann siad Gaeilge thart orthu – tugann sé muinín agus spreagadh dóibh giota Gaeilge a labhairt. Tá sé mar a bheadh síolta teanga a gcur againn agus iad ag bláthú agus ag iomadú agus ag leathnú amach fud fad na háite!”
As for being a Gael, well it doesn’t matter where you were born or raised. If you have respect for the language and for using whatever Irish you have then you are a Gael. Bairbre Uí Chathail, the Coordinator of the Strategic Irish Language Plan for Letterkenny says, “I was listening to a young German man who was being interviewed on the television. He came to University in Ireland and while he was here, decided to learn Irish. He fell totally in love with the language and after a few years had achieved a good level of fluency.
As he said himself, he wasn’t Irish but he was a Gael. That is our approach, trying to show that the language is there for everyone. We want to encourage as many people as possible to speak the language, at home, in the shops, at work, with friends and family, with neighbours and colleagues. We have also seen the impact it has on people when they hear Irish being spoken around them – it gives them the incentive and the confidence to have a go themselves. There is a ripple effect. You could say that we are sowing seeds and that they are blooming and spreading all around the area!
Is féidir clárú don dúshlán ‘Bí i do Ghael – labhair giota Gaeilge achan lá’ anseo
Sign up for the challenge to be a Gael and speak at least some Irish every day at the link above.