


Tráthnóna Dé Céadaoin 24 Aibreán beidh mór imeacht na féile ar siúl agus painéal plé ar “Éire Nua” ann in óstán Dillons ar an phríomhshráid ar 7:30. Cad é a bheadh i gceist le “Éire Nua”? An féidir linn, trí chomhrá agus plé teacht ar fhís a bheadh inghlactha do na pobail éagsúla a bhfuil cónaí orthu ar an oileán seo? Beidh Micheál Ó hÉanaigh ina chathaoirleach ar an phainéal ar a mbeidh Jake MacSiacais ón eagraíocht Forbairt Feirste agus cé gur chaith sé seal i ngéibhinn le linn na trioblóidí tá saol Jake ó shin caite aige i mbun obair forbartha agus obair trasphobal. Beidh Mary Durkan, abhcóide ó Dhoire a bhíonn ag obair go mór le cúrsaí teaghlach ar an phainéal. Tá Mary eolach ar an reachtaíocht nua atá i bhfeidhm anois sna sé chontae maidir leis an Ghaeilge agus leis an Ultais. Beidh Caolán Ó Coisneacháin ó Turas Skainos ann, is é sin eagraíocht lonnaithe in oirthear Bhéal Feirste, i gceantar na n-Aontachtachaithe agus na ndílseoirí ina mbíonn an Ghaeilge á theagasc don phobal agus idir naíonra agus Gaelscoil bunaithe acu. Beidh Catherine Pollock ann, bean ón phobal Protastúnach ó Dhoire Trasna, a bhíonn i mbun obair forbartha leis an phobal sin ar son Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire. Agus beidh Rosa Nic Lochlainn linn fosta, oideachasóir a bhfuil táithí bainistíochta aici i scoileanna i mBéal Feirste, i nDoire agus i Leitir Ceanainn.Beidh deis ann na mórcheisteanna a fhiosrú agus mar gheall go mbeidh seirbhís ateangaireachta ar fáil beidh idir Ghaeilgeoirí agus Béarlóirí in ann páirt a ghlacadh sa chomhrá – agus fáilte roimh chách.

Tá Béile na Féile eagraithe fá choinne an Aoine 26 i The Yellow Pepper agus is féidir clárú fána choinne le pobal@lionralc.ie nó ar 086 0136579. Beidh dearbhán €10 i dtreo chostas an bhéile ann don chead 15 a bheas cláraithe linn.


Beidh ceardlann chruthaitheach le Myra Zepf ar siúl sa leabharlann Dé Sathairn 27 Aibreán 11:00 – 13:00 bunaithe ar a leabhar Rita agus an Dineasár – scéalaíocht, ealaín, ceol agus samhlaíocht san aireamh. Is féidir le teaghlaigh clárú fána choinne le pobal@lionralc.ie nó 086 0136579.
Ar a mhullach air sin beidh Myra istigh sa Ghaelscoil ar an Aoine chun ceardlanna a dhéanamh, Gráinne Holland istigh ar an Déardaoin agus grúpa ar fáil chun scéalaíocht a dhéanamh i mbunscoileanna eile sa bhaile le linn na féile.
Tá ceardlann amhránaíochta eagraithe don Satharn 27 14:00 – 15:30 san RCC, Diane Cannon mar theagascóir ann – agus arís is féidir clárú ar pobal@lionralc.ie nó 086 0136579.



The festival will begin with an evening of poetry and traditional music in the Kinnegar Taproom on Saturday 20th April 5-7pm with Dubhán Ó Longáin and Laoighseach Ní Choistealbha.
There will be a pop-up Gaeltacht in Blake’s Bar on Tuesday 23rd at 8pm in partnership with Comhaltas Letterkenny. There will be plenty of music, craic and chat – whether you are just learning Irish or a fluent speaker, all are welcome.

The festival dinner, Béile na Féile takes place on Friday evening 26th April in The Yellow Pepper and is suitable for anyone with a good level of fluency in Irish. Anyone interested can register at pobal@lionralc.ie 086 0136579.

Families are invited to register for the creative workshop on Saturday morning, 27th April 11:00 – 13:00 with Myra Zepf. This workshop, based on her book Rita agus an Dineasár will be full of storytelling, imagination, creativity and music. You can register with pobal@lionralc.ie or by phoning 086 0136579.
Registration is also needed for Diane Cannon’s singing workshop on Saturday afternoon, 14:00 – 15:30, in the Regional Cultural Centre. Come along and learn some of the fabulous songs from the Donegal Gaeltacht which Diane sings.
To draw the festival to a close, the author Celia De Fréine will be joining the bookclub “Club Leabhar an Iarthuaiscirt” on Tuesday 30th April 7:30 in the Líonra office at 7 Castle Street, to discuss her book “Cur i gCéill”. Copies of the book can be borrowed in advance from the Líonra office, thanks to the local Donegal Library. This festival is funded by Foras na Gaeilge / Scéim na bhFéilte 2024
Duine teagmhála / Contact person Bairbre Uí Chathail eolas@lionralc.ie 086 0751663