Seo duit acmhainn nua chun cuidiú leat tuilleadh Gaeilge a úsáid i do ghnó.

 

Here is a new resource to help you use more Irish in your business.

Léiríonn taighde a rinneadh le déanaí gur mhaith le lucht gnó Leitir Ceanainn tuilleadh oibre a dhéanamh ar bhrandáil agus ar mhargaíocht dhátheangach. Rinneadh an taighde sin mar ullmhúchán do Sheimineár Gnó a d’eagraigh muid i gcomhpháirtíocht le Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn. Labhair Bríd Ní Chonghóile, POF Gaillimh le Gaeilge faoin tionchar dearfach atá a imirt ag an dátheangachas ar chúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha Chathair na Gaillimhe.

Mhínigh Joanna Cieska, bean óg ón Pholainn, gur tháinig sí ar saoire sé bliana déag ó shin agus nár fhág sí i ndiaidh dí titim i ngrá leis an tír, na daoine agus leis an Ghaeilge. Anois agus a comhlacht féin bunaithe aici – Irish SockSciety – tá an Ghaeilge ar fhoghlaim aici agus í fite fuaite in achan ghné den ghnó.

Chun tacú le gnólachtaí níos mó Gaeilge a úsáid ina gcuid brandála agus margaíochta tá scarbhileog nua forbartha ag Líonra Leitir Ceanainn ina bhfuil frásaí agus focail úsáideacha. Tá an scarbhileog ar fáil anseo

Recent research done in preparation for a Business Seminar organised by ourselves and Letterkenny Chamber of Commerce shows that local businesses want to do more bilingual branding and marketing. At the seminar Bríd Ní Chonghóile CEO of Gaillimh le Gaeilge spoke about the positive impact bilingualism is having on the economic, social and cultural landscape of Galway City. Joanna Cieska, a young Polish woman, explained how she came to Ireland on holiday 16 years ago and hasn’t left because she fell in love with the country, the people and the language. Now with her own business IrishSockSciety well established and learning Irish herself, she weaves Irish through every aspect of her business.

To help businesses develop their bilingual branding and marketing as well as their customer service, Líonra Leitir Ceanainn has put together a new resource with useful words and phrases which can be accessed here 

 

 

0
    0
    Do Chairt | Your Cart
    Tá do thralaí folamh | Your cart is emptyFill ar Siopa | Return to Shop