Daidí na Nollag ar ais arís ar Fheirm Bhaile Uí Thuatháile
Bhí am ar dóigh ag Daidí na Nollag nuair a tháinig sé ar cuairt chuig Feirm Bhaile Uí Thuatháile anuraidh, am chomh speisialta sin go raibh lúcháir air teacht ar ais arís i mbliana chun bualadh le páistí Dhún na nGall agus úsáid a bhaint as a chuid Gaeilge leo! Chuir an scéal seo gliondar an domhain ar pháistí na háite, agus bhí níos mó ná seasca acu ag iarraidh bualadh leis an fhear mór é féin an deireadh seachtaine seo thart.