An Focal Beo – scéalaíocht, amhránaíocht, oidhreacht agus cultúr

Apr 7, 2025 | An Teaghlach | The Family, Imeachtaí | Events, Nuacht & Uasdátaithe | News & Updates

Féile scéalaíochta, filíochta & oidhreachta

“Beidh rud éigin ann d’achan duine le linn na féile An Focal Beo!”

There is something for everyone in our festival ‘An Focal Beo’

Tá féile s’againne, An Focal Beo, ar na bacáin againn agus neart imeachtaí againn do phobal Leitir Ceanainn agus do chuairteoirí.

Turas Bus thart ar Leithinis Fhánada

Cuirfidh muid tús leis an fhéile Dé Domhnaigh 11 Bealtaine le turas bus thart fá leithinis Fhánada. Beidh deis againn an ceantar galánta seo a fheiceáil agus an saineolaí áitiúil Art Ó Loinsigh inár gcuideachta. Tá saibhreas eolais ag Art faoi na bailte fearainn, na logainmneacha, na sean scéalta agus oidhreacht an cheantair. Beidh bus ag fágáil ar 14:00 ó charrchlós Hugh Duffy, os comhair Scoil Mhuire gan Smál, áit a dtig leat do charr a fhágáil ar chostas €5.  Beidh muid ag stopadh fá choinne cupán tae ag Teach Solais Fhánada. Beidh muid ar ais i Leitir Ceanainn thart fá 18:30. Beidh an turas seo go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus iarrann muid ar rannpháirtithe cloí leis an Ghaeilge i rith an ama.

Is féidir ticéad a chur in áirithe anseo https://lionralc.ie/product/turas-bus-thart-ar-leithinis-fhanada/

Jack Warnock @ The Cottage

Déardaoin 15 Bealtaine beidh an sárcheoltóir agus Gaeilgeoir Jack Warnock, as Contae Dhoire dó, ag seinm i The Cottage 21:00 – 22:30. Ó thús a aistear ceoil tá sé i ndiaidh seinm mar cheoltóir aonréid, mar thionlacaí agus le grúpaí éagsúla macasamhail TRODA, Cóiriú agus The Doc Flock. Tá léiriú déanta aige ag imeachtaí, féilte agus in ionaid fud fad na cruinne, Other Voices, Celtic Colours International Festival i Cape Breton agus Kalajoki san Fhionlainn agus é i ndiaidh filleadh ó chamchuairt sna Stáit Aontaithe le déanaí.

 

Jack Warnock a fabulous musician from County Derry who is steeped in the Irish language will be playing in The Cottage for us on Thursday 15 May 9-10:30pm. Since the beginning of his career Jack has performed as a solo artist, as an accompanist and as a member of groups such as TRODA, Cóiriú and The Doc Flock. He has performed at events, festivals and venues around the world such as Other Voices, the Celtic Colours International Festival in Cape Breton and Kalajoki in Finland. He has just recently returned from a tour of America.

 

 

Dé hAoine 15 Bealtaine 11:00 An Trucailín Donn – clár faisnéise faoi Niall Mac Giolla Bhríde ón Chraoslach a tugadh ós comhair na cúirte é sa bhliain 1905 mar gheall ar a ainm a bheith scríofa aige i nGaeilge ar a charr oibre. Chuaigh an cás seo fhad leis an Ard-chúirt agus ba é Pádraig Mac Piarais a bhí mar dlíodóir ag Mac Giolla Bhríde. Cailleadh an cás ach las an eachtra seo tine fúthu siúd a raibh dílis don Ghaeilge. Beidh an clár seo ar taispeáint i Lárleabharlann Leitir Ceanainn i gcomhpháirtíocht idir an Chomhairle Contae agus Líonra Leitir Ceanainn. Beidh fáilte roimh chách agus fotheidil ar an chlár dóibh siúd nach bhfuil mórán Gaeilge acu.

 

On Friday 16 May the documentary An Trucailín Donn will be shown in the Central Library Letterkenny. This tells the story of Niall Mac Giolla Bhríde who was taken to court in 1905 for having his name written on his work cart in Irish. The case went as far as the High Court where Pádraig Mac Piarais reepresented Mac Giolla Bhríde. Ultimately the case was lost but these events served to light a fire under those who were committed to the Irish language. This event is a partnership between the County Council, the Library and Líonra Leitir Ceanainn. All are welcome and there are subtitles on the documentary to assist any who may need them.

Dianchúrsa Líonra Leitir Ceanainn

Cibé foghlaimeoir nó Gaeilgeoir thú beidh rud éigin againn fá do choinne ag an dianchúrsa Gaeilge Dé Sathairn 17 Bealtaine. Beidh ranganna ag trí leibhéal ann ó 10:00 – 13:00 agus ansin, i ndiaidh lón blasta, beidh ceardlann scéalaíocht le Gearóidín Breathnach agus ceardlann damhsa ar an sean-nós le Frank agus Eileen Sweeney. Níl ach costas €10 ar an lá ina iomláine ach caithfidh tú clárú le Líonra Leitir Ceanainn.

Whether you are an Irish language learner or fluent we will have something for you in our intensive Irish course on Saturday 17 May. There will be classes – at three different levels – from 10am to 1pm and then, after a tasty lunch, there will be a storytelling workshop with the award-winning Gearóidín Breathnach, followed by a a sean-nós dancing workshop with Frank and Eileen Sweeney. The day only costs €10 including lunch but you will need to register with Líonra Leitir Ceanainn.

Lá Teaghlaigh Bealtaine 2025

Ar an lá céanna i nGaelscoil Adhamhnáin 13:00 – 16:00 beidh Lá Teaghlaigh ar siúl fosta le ceardaíocht, scéalaíocht, cluichí agus, dár ndóigh, péinteáil aghaidh!

On the same day in Gaelscoil Adhamhnáin from 1-4pm there will be a Lá Teaghlaigh/Family Day with art & crafts, storytelling, games and, of course, face painting! All events will be through Irish and all participants are invited to use as much Irish as possible. The Líonra Leitir Ceanainn team will be there to help out with new words and phrases.

Club Leabhar le Cathal Ó Searcaigh

Is é an file agus scríbhneoir iomráiteach Cathal ó Searcaigh a bheidh mar aoi speisialta ag Club Leabhar an Iarthuaiscirt tráthnóna Dé Máirt 20 Bealtaine. Tá an grúpa i ndiaidh úrscéal úr Chathail, “An Saighdiúir” a léamh le cúpla mí anuas agus beidh deis an leabhar cumhachtach frith-chogaidh seo a phlé leis an údar ar an oíche. Fáilte romhat fiú mura bhfuil an leabhar léite agat ach suim agat i saothar scríbhneoireachta an tSearcaigh.

Cathal Ó Searcaigh will be the guest at the Club Leabhar an Iarthuaiscirt on Tuesday 20 May. The group has been reading Cathal’s new novel ‘Saighdiúir’ over recent months and will have the opportunity to discuss this powerful anti-war novel with the author on the night. If you haven’t read the book but are interested in Cathal Ó Searcaigh’s writing you are very welcome to come along.

Noel Ó Gallchóir @Kinnegar

Chun buaic na féile a shroicheadh beidh Noel Ó Gallchóir linn i Kinnegar Taproom Dé hAoine 23 Bealtaine 18:30 – 20:00 chun léiriú pearsanta corraitheach a thabhairt dúinn ar shaol agus ar shaothar duine de mhórphearsana agus de mhórlaochra na hÉireann, Pádraig Mac Piarais. Beidh scéalaíocht, filíocht agus ceol againn ar an oíche, greim le hithe agus comhluadar den scoth ar fáil i ngrúdlann fháilteach fhlaithiúil Kinnegar.

To draw the festival to a close on a high note we will have Noel Ó Gallchóir join us in Kinnegar Taproom 6:30-8pm on Friday 23 May to share with us his powerful, personal insight into the life and work of Pádraig Pearse. There will be a blend of story, poetry and music together with a bite to eat in the welcoming ambience of the Kinnegar Brewery Taproom.

Gabhann muid buíochas le Foras na Gaeilge as maoiniú don fhéile seo a sholáthar dúinn agus do na heagraíochtaí uilig a bheireann tacaíocht agus cuidiú dúinn. Bígí linn don fhéile tharraingteach, spleodrach a dhéanann scéalaíocht, filíocht, ceol, cultúr agus oidhreacht s’againn a cheiliúradh. Bíodh an Ghaeilge mar fhocal beo agus mar theanga bheo againn go laethúil agus go deo na ndeor! Tuilleadh eolais agus dis chlárúcháin ar fáil ar Lionralc.ie nó déan teagmháil le eolas@lionralc.ie 086 0751663

Our thanks to Foras na Gaeilge for providing funding for this festival as well as to all the organisations which give us support and help. Join us for this energising festival, a celebration of story and poetry, song, culture and heritage. Let’s make Irish a ‘focal beo’ a living word and a living language among us on a daily basis and forever! Further information and registration available on Lionralc.ie or contact eolas@lionralc.ie 086 0751663

0
    0
    Do Chairt | Your Cart
    Tá do thralaí folamh | Your cart is emptyFill ar Siopa | Return to Shop